search


keyboard_tab Diritto d'autore 2019/0790 GA

BG CS DA DE EL EN ES ET FI FR GA HR HU IT LV LT MT NL PL PT RO SK SL SV print pdf

2019/0790 GA Art. 24 . Output generated live by software developed by IusOnDemand srl


index :


whereas :


definitions:


cloud tag: and the number of total unique words without stopwords is: 124

 

Airteagal 24

Leasuithe ar Threoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE

1.   Leasaítear Treoir 96/9/CE mar a leanas:

(a)

In Airteagal 6(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

i gcás úsáid chun críche léirithe le haghaidh teagaisctaighde eolaíochta agus chuige sin amháin, ar choinníoll go léireofar an fhoinse agus a mhéid a bhfuil údar leis an úsáid sin de bharr na críche neamhthráchtála atá le baint amach, gan dochar do na heisceachtaí ná do na teorainneachabhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(*1)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/EC agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).”"

(b)

In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

i gcás asbhaint chun críche léirithe le haghaidh teagaisctaighde eolaíochta, ar choinníoll go léireofar an fhoinse agus a mhéid atá údar leis an úsáid sin de bharr na críche neamhthráchtála atá le baint amach, gan dochar do na heisceachtaí ná do na teorainneachabhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/790;”.

2.   Leasaítear Treoir 2001/29/CE mar a leanas:

(a)

In Airteagal 5(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

i leith gníomhartha sonracha atáirgthe arna ndéanamh ag leabharlanna, ag forais oideachais nó ag músaeim atá inrochtana don phobal, nó ag cartlanna, nach le haghaidh buntáiste eacnamaíoch nó tráchtála díreach nó indíreach iad, gan dochar do na heisceachtaí agus na teorainneachabhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);”

(*2)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/EC agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).”"

(b)

In Airteagal 5(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

úsáid chun críche léirithe le haghaidh teagaisctaighde eolaíochta agus chuige sin amháin, ar choinníoll go léireofar an fhoinse, lena n-áirítear ainm an údair, ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé go bhfuil sé dodhéanta é sin a dhéanamh, agus a mhéid atá údar leis an úsáid sin de bharr na críche neamhthráchtála atá le baint amach, gan dochar do na heisceachtaí agus na teorainneachabhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/790;”.

(c)

In Airteagal 12(4), cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

“(e)

tionchar thrasuí Threoir (AE) 2019/790 ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a scrúdú, agus aird a tharraingt ar aon deacrachtaí trasuite;

(f)

malartú faisnéise a éascú ar fhorbairtí ábhartha sa reachtaíocht agus sa chásdlí mar aon le cur i bhfeidhm praiticiúil na mbeart arna ndéanamh ag na Ballstáit chun Treoir (AE) 2019/790 a chur chun feidhme;

(g)

plé a dhéanamh ar aon cheisteanna eile a eascróidh as Treoir (AE) 2019/790 a chur i bhfeidhm;”.


whereas









keyboard_arrow_down